Sierra Nevada - Tioga/Sonora Pass
An an Aoine, Deireadh Fómhair 4, chuir ceathrar againn tús le turas
rotháiocht déanach Fómhair, mar a dheineamar go minic cheana san Earrach
agus sa tsamradh déanach. Ba dhéanaí so sa bhliain, agus ba theirce an
solas, agus chinneamar ar thiomáint ar an Aoine go Sonóra, mar a dtosnaímís
de ghnáth, agus gluaiseacht go dtí Groveland ar mhórbhóthar Yosemite.
Thiomás le Seán Woodfill chun bualad le Jeanie Barnett i Sonóra, agus
tháinig Briain Cox, chun bualadh linn i nGroveland, agus an ceathrar a
dhéanamh dínn, toisc ná raibh an Aoine saor aige. Ghluaiseamar bóthar
Tuolumne ó Shonóra go Bóthar Bhád Farrantóireachta Uí Bháird a d'ardaig 350
troigh agus a thit go Droichead Bhóthar Bhád Farrantóireachta Uí Bháird i
scrogall Abha na Tuilumne.
Irish.
|